School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 188
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí constábla i gConndae an Chabháin aon uair amháin agus chuaidh sé anonn go h-Albain agus fuair sé stáisiún ansin.”
(continued from previous page)mhórán, ba é an deireadh a bhí air go rabh sé ag troid agus ag banntrá[igh]? le lucht na taibhirne. Léim duine aca amach agus sgairt ar an chonstábla. Tháinig sé go tapaidh agus ba ghoirid go rabh sé ‘un sleanntrach’ leis an bhacach. Níor luaithe duine aca thíos no thuas go dtí sa deireadh gur éirigh leis an chonstábla é a stréachail taobh amuigh de’n doras. Leis sin, tháinig an searseant agus constábla eile le láimh chuidigh a thabhairt dó. “Seo”, ar seisean, “fanagaidh amach, nuair a thug mise an fad seo é, bhéarfaidh mé rith a’ bhealaigh é.
Nuair a shroic sé ‘na bearaice, ní rabh mórán ‘e bhárr aige. Bhí sé briste, bruighte agus a rabh air sgiallta, stróctha. Casadh an t-oifigeach air taobh istoigh de’n dorás. “Cá bhfuair tú an bitheamhnach sin”? arsa’n t-oifigeach leis an chonstábla.
“Bhí sé shiar annsin sa teach taibhirne ag réabadh agus ag sgeanadh gach nidh dá bhfuigheadh sé greim air”, arsa’n constábla.
“Creidim sin i gceart” arsa’n(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ua Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Address
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal