School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 184
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí beirt fhear ann aon uair amháin ar b'ainm dóibh Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Lá amháin chuir Murchadh Beag fearg ar Mhurchadh Mór...”
(continued from previous page)ar bith a leigheasfadh í ach uisce an tobar beag sin thíos. Annsin nuair a d’imthigh siad cuaidh Murchadh Beag síos ar a lámha a’s ar a chosa fhad leis an tobar, chuir sé a lámh sa tobar agus chumil sé an t-uisce ar a shúile agus fuair sé radharc na súl arais. Annsin, chuartuigh sé buiudeál go dtabhairfeadh sé cuid de’n uisce fhad le inghean an Riogh. Sháruigh sé air buideál a fhághail ach thug sé leis lán dhá shean bhróig, agus chuaidh fhad le cúirt an Riogh. D’fhiafruigh sé cia rabh an cailín a bhí breoidhte? Taisbeanadh do í agus annsin thug Murchadh Beag lán na bróige d’uisce díthe le h-ól.
Thug sé an t-uisce díthe le h-ól trí mhaidin indiaidh a cheile agus ar an triomhadh maidin bhí sí in a sláinte arais. Annsin thug an Rí mala óir do Murchadh Beag agus d’imtigh sé leis ag tarraingt ar an bhaile.
Nuair a bhain sé an bhaile amach d’fhiafruigh Murchadh Mór dó cia bhfuair sé an mála óir? Dubhairt sé gurrab(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ua Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal