School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 160
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí baintreahach mná ann aon uair amhain agus bhí trí inghean aici. Nuair a d'éirigh an inghean a ba sinse aníos in a cailín, dúirt sí lá amháin go n-imteochadh sí.”
(continued from previous page)nach gcodlóchadh sí. Níor bhlas sí na milseáin agus cá dtáinig néal chodlata oirthi ach oiread. Ach go mall san oidhche d’imthigh an ‘bloc’ amach ar an doras agus lean sí é. Tharraing sé ar chreig agus lean sise é. D’fhoscail doras rompa agus isteach leobhtha i dteach a bhí ann. Bhí cailín sa teach agus bhuail duine aca buille ar an “bloc” agus rinne gasúr de. D’iarr siad ar chailín cuid de na milseáin agus na cná a thabhairt daobhtha agus go dtabhairfeadh siad slat dhraoidheachta díthe. Thug agus fuair sí an t-slat draoidheachta. Ar a mbealach abhaile bhuail sí buille ar an ghasúr agus rinne “bloc” arais de.
Nuair a mhuscail an t-sean chailleach ar maidin, “Níor chodluigh tusa aréir”, arsa sise leis an chailín. Nuair a fuair an cailín shíos ag an doras í bhuail sí buille dein t-slat draoidheachta oirthi agus rinne cloch dí. Chuaidh sí amach agus bhuail buille ar an dhá chloich ghlais agus thionntuigh in a gcailiní iad. Ba iad seo a cuid deirbhsiuracha fhéin. Bhuail sí buille ar an “bloc” agus rinne buachaill de agus i ndeireadh ama phós sé i féin. Bhí seomra lán d’ór ag an t-sean(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac Giolla Chearra
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- An Srath Buí, Co. Donegal