School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 156
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí baintreahach mná ann aon uair amhain agus bhí trí inghean aici. Nuair a d'éirigh an inghean a ba sinse aníos in a cailín, dúirt sí lá amháin go n-imteochadh sí.”
(continued from previous page)an cailín seasamh taobh amuigh de’n doras, bhuail sí buille oirthí le na slaitín draoidheachta agus rinne sí cloch ghlas dí.
Nuair a bhí an cailín ar siubhal lá agus bliadhain, bhí iongantas ar a muinntir sa bhaile nach rabh sí ag scríobhadh agus annsin dubhairt an darna bean go n-imtheóchadh sí fhéin.
Rinne an mháthair dhá thuirtín aráin an iarraidh seo fosda - tuirtín mór agus tuirtín beag - agus nuair a bhí an darna bean ag imtheacht d’fhiafruigh sí díthe: [“Ciacú]? Is feárr leat, an tuirtín mór agus mo mhallacht no an tuirtín beag agus mo bheannacht”.
Thug sí leithe an tuirtín mór agus bhí a máthair ag mallachtaigh oirthí gur fhág sí a h-amharc.
Shiubhal sí léithe gur casadh an tobar céadna oirthí a casadh ar a deirbhsiúr. Shuidhe sise síos fosda ag ithe an aráin agus níor bhfada go dtáinig an fheannóg charrach thart agus d’fhiafruigh díthe an rannadh sí cuuid de’n arán.
“Ní rannfaidh” ar sise, “ballaigh leat”.(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac Giolla Chearra
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- An Srath Buí, Co. Donegal