School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 131
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí sin ann a's is fad ó bhí: bhí lánamhain ann aon uair amháin agus bhí siad an-bhocht mar gheall ar a gcuid fallsachta..”
(continued from previous page)chleacht mé sa bhaile.
Annsin cuireadh as an choinneal-feag’ agus d’imthigh siad uilig a luighe. Ar maidin nuair a d’éirigh siad líon an fear trí mhála óir agus chuir sé mála ar dhruim an tairbh, ceann eile ar dhruim an raithe agus an triomhadh ceann ar a dhruim fhéin. Annsin d’imthigh siad leo ag tárraingt ar an bhaile. Annsin arsa’n madadh ruadh agus an madadh baile, caithfidh muid-inne a bheith ag imteacht agus d’imthigh siad. Annsin dubhairt an raithe agus an tarbh go gcaithfeadh siad-san a bheith ag imteacht agus d’imthigh siad. Annsin dubhairt an cat go gcaithfeadh seisean a bheith ag dul abhaile agus d’imthigh sé. D’imthigh an gé leis fosda.
Nuair a chuaidh an fear agus a bhean [?] bhaile thóg siad caisleán. Bhí siad bocht nuair a pósadh iad agus anois ó tharla go rabh siad saidhbhir rinne siad bainfhéis mhór a mhair lá agus bliadhain agus bhí an lá deireannach níos feárr nó an chéad lá.
Sgairt siad arais orm agus chá dtug siad dadaidh damh ach-
Bríste do bhláthach,
Stocaí bainne reamhra agus
Bróga páipéir.- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Informant
- Pádraig Ua Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal