School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 130
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí sin ann a's is fad ó bhí: bhí lánamhain ann aon uair amháin agus bhí siad an-bhocht mar gheall ar a gcuid fallsachta..”
(continued from previous page)Annsin chuir an cat a ruball in a bhéal agus chuaidh sé síos an t-simleóir a’s chuir sé an méid luaith agus a ibhleógai a bhí ar an teallach sios fríd an teach. Níor amharc na fáthaigh thart ach d’imthigh leo amach ar an doras agus níor stad siad ag reathuidhe go rabh siad fá thuairim cúig mhíle ó’n teach. Annsin cuaid a rabh amuigh isteach agus ghlac siad a suipeár. Nuair a bhí suipear deánta aca, arsa’n fear leis an chat:
“Cá bhfuil tusa ag dul a luighe?”.
“Luighfidh mise i gcois na leabhtha an áit ar chleacht mé sa bhaile”, arsan cat.
“Cá bhfuil tusa ag dul a luighe?” ar seisean leis an tarbh.
“Luighfidh mise ag an doras fosgailte an áit ár chleacht mé sa bhaile”.
“Cá bhfuil tusa ag dul a luighe?” ar seisean leis an mhadadh-ruadh.
“Luighfidh mise i lár an urláir, an áit ar chleacht mé sa bhaile”.
“Cá bhfuil tusa ag dul a luighe?” ar seisean leis an madadh-baile
Luighfidh mise san luaith, an áit ár chleacht mé sa bhaile.
“Agus tusa”, ar seisean leis an ghé.
“Luighfidh mise ar an charn-aoiligh, an áit ár(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Informant
- Pádraig Ua Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal