School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 97
- XML “Scéal - Mullach na nDamh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)giota maith ag baint fiog cois na h-abhna. Thárrang an fear air agus shín an leitir do. ‘Nois ní rabh léigheann ar bíth ag fear Mhullaigh na nDamh agus d’iarr sé ar an fhear eile suidhe agus an leitir a léigheadh do.
Shuidh an bheirt acú chois claidhe gur léigh fear an bhaile mhór do í agus nuair a chualaidh sé fa’n cuireadh bhí ann chraith sé a cheann agus dúbhairt gur mhór an truagh nach dtiocfadh leis a ghabhail. “Caidé tá dó chongbhailt? arsan fear eile, na d’aithin sé air gur mhaith leis a ghabhail.
“O! tá, arsa seisean, tuighe agam lé cuir ar an teach nach sin comhair a bhéith anuas é dioghbhail tuighe agus ma imtigheann ar ndoiche ní bhéidh sí fein i n-innibh é chúmhdach agus ceángail, agus ní h-é sin amhain acht níl na fioga fein uilig bainte agam fa choinne cúmhdach na sin an eálang atá orm ar an bhomaite”. Phós sé nuair a d’imtigh a dheárbhrathair ingean fíghdeóirí as an Chróbh.
“Ma’s sin a bhfuil do chongbhailt, arsa fear an bhaile-mhór, is furust sin a léigheasadh na bainfidh mise go leor fiog agus cuirfidh mé cúmhdach ar an teach duit an chead lá fóirstineach a thiocfas”. “O! níl gár ann ní thiocfadh liom a ghabhail na níl a’n snáiththe éadaigh agam acht an mhéid a téidh tú ar mó druim agus ní thiocfadh liom(continues on next page)- Collector
- Cait Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Informant
- Dimnic Mac Lochlainn
- Gender
- Male
- Age
- 47
- Address
- Mín na bhFiann, Co. Donegal