School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 89

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 89

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 89
  3. XML “Scéal - An Cloigeann”
  4. XML “Tomhas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an fháirigheach fa choinne an Sagairt ní rabh iongantas ar bíth goidé mar bhí bean na leáptha. I gcionn gach tamaill bhig léimnigheadh an coileach anuas agus sheásughadh sé ag an doras ag shgáirtigh agus ag bualadh a eiteóg. Níor dhadaí sin acht an uile ám a gnídheadh an coileach an ruaig seo síos go dtí’n dorais theidheadh an cloigeann a bhí thall san fhuinneóig a gháiridhe.
    Nuair a thainig an Sagart d’innis an bhean goidé bhí ghabhail un tosaigh. Thug an Sagart cead cainnte do’n cloigeann agus d’fiafraigh goidé ádhbhar a gháiridhe. “O! arsan cloigeann, bhí an coileach ag congbhailt an diabhal amuigh go dtiocfadh sibhse agus an uile ám a chuirfeadh sé tóir ar an diabhal amách ar an doras b’éigin damhsa gabhail a gháiridhe lé tréun lúthghaire”.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tomhas. 46
    Cuaidh fear isteach i dteach agus d’fiafruigh sé do girseach beag “Goidé tá do mháthair ag deánamh indiú”? “Tá sí ag meilt na mine a h-íththeadh anuraidh” arsan girseach.
    Bhí an mháthair ag meilt na min iasachta a fuair sí ó na cómharsanaibh lé na thabhairt daobhtha arais. Críoch seo ag bun Amhran Shliabh Liaig.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.