School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 87
- XML “Scéal - Ór atá i bhFolach i nGleann Mhálainne”
- XML “Tomhas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus phill sé fein annsin lé na sgian fhághail acht ní thiocfadh leis an túrtóg na’n sgian fhághail agus ní rabh gár do chuartughadh ní bhfuair sé an túrtóg ariamh arais.
‘Nois márbhughadh dha fhear dé na Beirnigh a bhí ag iarraidh an phota fhághail agus nuair a bhéidheas an tríomhadh fear dé na Beirnigh a chuartughadh mairbhfear é, agus nuair a bhéas na triúr dé chlann Ua Beirn márbh a chuartughadh, gheobhthar an phota.
Tuairim deich mbliadhna ó shoin chruinnigh na fir a bhí na gcómhnuidhe neas dé’n ait agus thoisigh ag tochailt acht indiadh támaill d’fás siad tursach dé’n tochailt agus d’fág siad é. Tá’n Pota go fóill i dtaishe i gCaiseal an Óir. - Thainig fear coimhtigheach isteach i dteach agus fiafruigheadh do c'ainm a bhí air. Dúbhairt sé go rabh sé na shuidhe ar a ainm agus go rabh a shloinneadh fa na mhuineal. C'ainm a bhí air?
Freagra :- Cathaoir Ua Cába