School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 84

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 84

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 84
  3. XML “Scéal - Anscanraíocha a Lean Dream”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fein bhí sé na luighe brúidte briste ar Mhollaigh an Chaisil agus gan aon duine aige. D’aithin sé go maith anois gurb é’n Diabhal a bhí ann ríth an áma. Rinne sé an bhaile amách agus sin a rabh ann agus ó’n oidhche sin go dtí lá a bhais níor éirigh sé ó na leabaidh.
    An Dára Sgánnrughadh.
    ‘Nois bhí mac ag Dhiarmad Mór darbh ainm Brían. Bhí Brian ag teacht isteach as an Phoirt oidhche amhain agus nuair a thainig sé go bárr an chnuic ar amharc an Ghleanna goidé tcíd sé acht trí teach mór na seásadh san ait nach rabh aon teach ariamh. Chuaidh Brian isteach i gcionn acú agus ní rabh istigh ann acht stocach ruadh. D’fiafraigh an stocach dó goidé thug isteach annseo é na goidé bhí dhíoghbhail air. Dúbhairt Brian nach rabh dadaí agus rinne ar an doras agus amách leis. Nuair a fuair sé amách ní thiocfadh leis congbhailt ar a chosa, an eile choiscéim a ghlacfadh sé bhí sé ag tuitim síor síos ar cúl a chinn.
    Rinne sé ar an teach ba neise do teach lé Donnchadh Ua Ailis ar an Bhánghort. Bhí sé comhair a bhéith márbh nuair a shroich sé an teach. Rinne sé a sgríste támall agus nuair a bhí sé ag imteacht bhog Donnchadh leis gur fhág sé ag na dhoras fein é. Ní dheáchaidh sé isteach an tíghe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cait Nic a' t Saoir
    Gender
    Female
    Informant
    Anna Nic Fionngaille
    Gender
    Female
    Age
    73
    Address
    An Gaineamh agus An Curraoin, Co. Donegal