School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 69

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 69

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 69
  3. XML “Scéal - An Mhuc”
  4. XML “Tuilleadh fá Phaidí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tuilleadh fa Phaidí.
    Ba h-iad na Tíghearnaigh a bhí ar an ait seo san ám na “Musgrabhes”. Tá’n ballóg lé feicealt a dtugtaoi Teach a’ Clochair na’n Teach Mhór ar a Chlochair go fóill agus is lé duine dé’n dreám an gabhaltas mór atá ann anois fein. Ba leobhtha na tálta, ba leobhtha na tíghthe, ba leobhtha na cnuic na lochannaí, na h-aibhneacha agus na cuantaí. Bhí siad ag díol fear leis na h-aibhneacha agus lochannaí a coimhead fa choinne iasgaireachta daobhtha fein, bhí siad ag díol fear leis na cnuic a coimhead ar eughla go gcuirfeadh aon duine an seilg amudha ortha.
    ‘Nois bhí Paidí ‘na cómhnuidhe ar chaoran agus dar leis ba mhaith an rud da mbéadh coimhead na gcnoc ag a mhac fein go gcuideochadh an t-airgead leóbhtha. Ar an ádhbhar sin ar an chead lá a chonnaic sé na Tíghearnaigh agus a gconairt ag teacht d’fág sé mar shíl siadsan cearc-fhraoch na suidhe ar a nead ar an caoran i gcúl an tíghe. Chuir sé ar súile na bhfear seo é agus gan é amhlaidh ar comhair ar bíth. Nuair a chonnaic siad-san comh ionraice is bhí an mhuirín seo nar bhain siad do’n nead rinn siad fear-coimheada do mac Paidí agus bhí sé ag saothrughadh orthú go bhfuair sé bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.