School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 67

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 67

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 67
  3. XML “Scéal - An tEallach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    é an rud a thainig sí anuas an Sgádaman. Thainig sí an dara lá agus rinne siad an rud ceadna leithí agus an tríomhadh trathnóna b’éigin daobhtha í seóladh arais. Ariamh na dhiaidh sin ní fhacaidh siad í agus ní rabh a léithid sin do bhó ag aon duine dé na cómhursanaigh. Bhí na daoine uilig ag rádh leobhtha gur cómhair daobhtha í a ceángal isteach agus a congbhailt na gur bhó a bhí inntí a cuireadh ionnsorthú nuair a chaill siad an t-eállach a bhí acú.
    Bhí ám amhain eile agus ní rabh im ar bíth ar an bhainne cé bith a dheánfadh siad. Bhíodh táilliúirí san ám seo ag gabhail thart agus teach ar bíth a rabh culaith acú lé fághail deánta thigeadh an táilliúr agus bhainfeadh sé faoi sa teach sin go mbéadh deireadh deánta acú. Anois thárla go rabh táilliúr ag obair sa teach seo san ám agus nuair a chuaidh siad a bhualadh an máistríughadh an lá seo d’iarr sé orthú naoi biorain úra a chuir i bpota uisge ar an teinidh agus iad a congbhailt a fiuchadh fhad is bhéadh siad ag bualadh an bhainne agus gan an doras a fhosgladh d’aon duine. Ní rabh siad ag bualadh i bhfad go dtainig seanbhean go dtí’n dorais agus d’fosgal siad dí é. Fighdeór a bhí i bhfear a tíghe agus dúbhairt sí go rabh sí ag iarraidh seál dó ghréasan acht dúbhairt an táilliúr go rabh beagan acú lé deánamh an doras fhosgladh dí gurbh í sin an bhean anois a rabh a gcuid ime aicí agus bhí leisg orthú-san comhursa a congbhailt amuigh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish
    Collector
    Cait Nic a' t Saoir
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Nic a' t Saoir
    Gender
    Female
    Age
    80
    Address
    Málainn Bhig, Co. Donegal