School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 38
- XML “Scéal fá Naomh Colm Cille”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leáthan comhthrom ag na thaobh. Chrom sé síos agus cuimil a lámh do'n chloich. Aníos leis an t-uisge agus bhaist sé an leánbh. Ó'n lá sin go dtí'n lá indiú tá uisge sa charraic ca bíth teas a tiocfas. 'Sé an t-ainm atá ar an charraic Ámar Glinne. Tá sé sa targaireacht nach mbéidh aon duine beo indiaidh an cogaidh acht an mhéid a bhéidheas taobh ó thuaidh dé'n Ámar.Tá cros amhain sa turas agus tá poll ann Caithfidh an uile duine a siubhlas an turas amharc fríd. Bhí bean na cómhnaidhe ar an Fhochair i lár an Ghleánna dárbh ainm Nora Ní Bhárrain agus nuair a d'amharc sí sa poll connaic sí geáfta Flaithis. Níl sin acht tuairim 80 bliadhain ó shoin.Tá a theach le feicealt i mBífán agus a leabaidh san teach. Shuas ós a chionn tá an tobar agus moll mór cloch thart fa dtaobh dé. Caithfidh an uile duine trí cloch a iomchar suas lé caitheamh ag an tobar mar pionús ar son a gcuid peacaigh.Tá a cathaoir fosda lé feicealt go fóill agus nuair a shuidhfeas tú ann tá'n Gléann uilig faoi do shúil.
Seo an biadh agus an deoch a bhíodh aige i nGleann,
"Dúlaman Carraic Cormoda,
Uisge Dheocha Dheochadan
Agus eorna an Iomaire Cam"
Caitlín Nic a tSaoir
7adh Béaltaine 1938- Collector
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Gender
- Female