School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 36
- XML “Scéal - An Mhaighdean Mhara”
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Imirt thart fá ó thaobh dé na shíl sé nach rabh suim ar bith acú i ndadaí acht cé bíth greánn beag a bhí acú féin. Acht nuair a chuaidh siad isteach ábhaile arsa t-achran beag acú. O! a Mháthair dá bhfeicfea an rud deas a chuir m'athair i dtaisgidh sa chruach. Chuir sí cúpla ceist ar an phaisde agus d'aithin sí go maith gurb a cloca a bhí i bhfolach aige ann.
Níor leig sí dadaí oirthí acht nuair a d'imthigh a fear ó'n teach chuaidh sí amach, leag an chruach fuair a chloca agus as go bráthach leithí 'na bhaile 'na fairrge móire.
D'aithin sé annsin goidé tharla agus chaith sé an chuid eile dá shaoghal ho h-uaigneach ag smaoitiugadh go mion 's go minic fa na Mhaighdean Mhara. - 37. Ní bhíonn crothnughadh ar an tobar go dtraigfinn sé.
38. Is olc an margach a bhriseas beirt.
39. Is doiligh an rud atá sa chnámh a bhaint as an croicean.
40. Is fada ó'n chréith an chéirín.
41. Na gabh idir Clann a'Eochaidh agus an t-ált.