School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 30
- XML “Scéal - An Cearrbhach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí léithi an pháipéir agus d’imtigh sí.
Chuaidh an ceárbhach abhaile agus lá ar na bhárach ní rabh sé in-innibh éirigh. Ní inaseochadh sé d’aonduine goidé bhí air. Sa deireadh d’innis sé do dheirbhshiúr agus nuair a chualaidh a áthar é chuaidh sé fhad leis an tSagart agus d’innis an sgéul go h-iomlán do.
Nuair a chualaidh an tSagart goidé mar bhí, seo an rud a d’iarr sé air a dheánamh. Nuair a thiocfadh a lá a gcaithfeadh an stocach a ghabhail go bárr an cnuic é a chuir isteach i gcómhnair agus an chómhnair a dhruid lé trí bárra iarainn agus annsin iad é iompar suas. Thainig an lá agus chuaidh an Sagart ‘un tíghe agus thug siad an stocach suas go bárr an cnuic sa chómhnair. Ní rabh siad acht shuas i gceart nuair a chonnaic siad an néal dubh os a gcionn.
Thainig iolar anuas as an néal agus bhuail sé na bárra iarainn lé n-eiteóig agus bhris sé ceann amhain acú. Leis an dara buille bris sé an dara ceann agus annsin bhris sé an tríomhadh ceann. Léim an clár dé’n cómhnair agus leis sin tcíd siad chuca an cailín. Bhí sí ag dréim go dtabhairfeadh sí léithí an stocach acht dúbhairt an Sagart go gcaithfeadh sí cómhartha thabhairt dó-san go rabh ‘n dtocach bainte aicí.(continues on next page)- Collector
- Prionnseas Mac Giolla Easpuig
- Gender
- Male
- Address
- Mín na bhFachrán, Co. Donegal
- Informant
- Anna Ní Giolla Easpuig
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Mín na bhFachrán, Co. Donegal