School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 116

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 116

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 116
  3. XML “Scéal - An Camán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Drátha’n meádhon-oidhche mhothuigh sé an t-án torman go bráthach amuigh, caitheadh isteach an doras, craith an teach uilig ó bhun go bárr agus isteach lé ceáthrar fear ag iompar cómhnair agus d’fág ag na cosaibh ar an urlar é. Shiubhal siad amách gan focal a rádh. D’amharc sé síos ar an cómhnair agus dar leis ma’s é an diabhal fein atá ann tógfaidh mise an clár agus béidh an chéad buille agam. Thóg sé an chlár, léim fear aníos as an cómhnair agus chraith láimh leis. Shuidh sé síos ar cathaoir ag na thaobh agus thug an stocach gloine biotailte do agus d’iarr air sin a caitheadh síor. Rinne an feár sin.
    Annsin d’innis sé a sgéul do’n stocach. “Anois adéir sé bhí mise mó Thíghearna Talaimh ar an dúthchaigh seo agus ba sa teach seo a bhí mé mó chómhnuidhe. Chuir mé ceithre muirín amách as a gcuid gabhaltasa agus anois ní thig liom socamhail ar bíth fhághail go dtugtar daobhtha na do na bhunadh arais an tálamh. Tá fhios agat an dá fear a cásadh duit ag teacht aníos annseo. Sin mó mhac-sa agus buachaill da chuid. Tá sé ‘na chómhnuidhe sa teach sin thíos agus ní leigeann an eugla dó cómhnuidhe annseo. Tá an teách breagh seo agus an ait ag dul amudha. ‘Nois innseochaidh mise caidé dheánfas tusa, innseochaidh tú do ar maidin imbárach go rabh tú ag cainnt liomsa anocht agus gur iarr mé air an tálamh a thabhairt arais. B’féidir gur bhfeárr
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Nic a' t Saoir
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Mac a' Bhaird
    Gender
    Male
    Age
    76