School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bruiththe i gcómhra luaighe ar an teine a congbhailt síos sa luaigh.
Chaith sí an bliadhain ar an éalang seo agus ba chruaidh an obair í. I Ríth na bliadhna níor bhlas sí biadh na deoc ann. Nuair a ghcibheadh sí rud lé h-íththe sé an rud a gnídheadh sí leis é chuir isteach i mbáraille a bhí ag na taobh.
Congbhuigh sí cunntas maith ar an bhliadhain agus nuair a bhí sé go díreach istígh dúbhairt sí leis an Diabhal. “Tá mó bhliadhain istigh indiú, tá mé ag imteacht”. “Ó!, arsa seisean, caithfidh tú támallt eile a chuir isteach ar son an bídh a d’íth tú annseo”. “Níor íth mé greim dé do chuid, agus níor ól mé deoc dé do chuid tá sé uilig thall sa bháraille annsin, arsa sise. Chuaidh sé anonn agus chonnaic sé deireadh ann.
“Féadann tú imteacht indiú cinnte agus mar d’obrigh tú comh maith ó thainig tú annseo, bhéirfidh mise rud ar bíth duit a iarrfhas tú orm”, ar seisean.
“Lé do thoill, ar sise, tá mé ag iarraidh na trí anam sin ort a rabh mé ag congbhailt ag fiuchadh síos sa chómhra luaighe lé bliadhain”.
“Geobhaidh tú iad cinnte”, arsan Diabhal. Fuair sí iad agus d’fág slán ag Ifrionn.
Cuir sí isteach iad in a giad agus d’fág slán ag Ifrionn.
Cuir sí isteach iad in a gúna lé n-iompar agus a sáith dé lúthghair oirthí go rabh na créatúir léithí. D’imtigh sí léithí fa shiubhal géur agus cé cásadh(continues on next page)- Collector
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac a' Bhaird
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Mín na bhFiann, Co. Donegal