School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 111
  3. XML “Scéal - An Cailín a Bhí Bliain in Ifreann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    obair-tighe a dheánamh do agus rinne sí sin na ba í seo an chéad ait ar cásadh oirthí a dtiocfadh leithí baint faoi anntí. Bhí sí ag deánamh gach seórt fo maith dó agus bhí sé án-mhaith dí.
    Acht lá amhain bhí sé na shuidhe cois na fuinneóige agus é ag léigheamh leabhar ma bfíor agus chonnaic sí go rabh na deóra ag tuitim leis go frás.
    D’fiafraigh sí dé goidé adhbhair a bhróin agus ní innseochadh sé dí. “Mura n-innseochaidh tú damh, arsa sise, goidé tá ag cuir buaidhreadh ort imteochaidh mise uait”. Nuair a chonnaic sé gur mar seo a bhí sí a glácadh d’innis sé dí a sgéul.
    Dúbhairt sé gur gheáll sé bliadhan a cháitheamh ag obair dó’n Diábhal i nIfrion agus go gcaithfeadh sé imteacht i mbárach agus nar mhaith leis a ghabhail agus gur sin ádhbhar a bhróin.
    “Fad sin do choise ní ráchfaidh tú, arsan cailín, ráchfaidh mise mé fein agus dheánfaidh mé an bliadhan ag obair do”. Nuair a chonnaic sé go rabh sí réidh lé ghabhail go h-Ifrionn, thug sé úbhla dí agus d’iarr sé oirthí gan aon ghreim bídh na díghe a bhlás fhad ‘s bhéadh sí ann acht nuair a bhéadh ocras na tart oirthí an t-úbhla a chuir in a béal agus go n-imteochadh siad dí.
    Chuaidh sí go h-Ifrionn agus seo an obair a thug an Diabhal dí lé deánamh, trí ánam a bhí ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Nic a' t Saoir
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Mac a' Bhaird
    Gender
    Male
    Age
    76
    Address
    Mín na bhFiann, Co. Donegal