School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 107
- XML “Scéal - Ó Brían”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tríomhadh lín. “Seo í”, arsan Sagart.
“Tabhair do an leitir atá agat”, arsan Diabhal Mór. “Maise, ca dtabhairfidh coidhche”, arsan cailín.
“Mura dtabhairfidh tú dó an leitir, arsan Diabhal Mór fágfaidh mé do shuidhe ar an cathaoir miotáil sin os coinne na teineadh thú agus lasóg in dó bhéal agus béidh tú annsin fhad’s bhéidheas Ifrionn ‘na Ifrionn”. “Da ndeánfa sin agus a dha oiread eile, ní thabhairfidh mé do an leitir”, arsan cailín.
“Bhal! arsan Diabhal, mura dtabhairfidh tú do an leitir cuirfidh mise isteach sa cóithre luaighe sin atá ag fiuchadh ar an teine agus béidh tú annsin fhad’s bhéidheas Ifrionn na Ifrionn”.
“Da ndeánfa sin agus a dha oiread eile ní thabhairfidh mé an leitir do”, arsan cailín.
”Bhal! arsan Diabhal, chuirfidh mé isteach thú ins an tseómra atá réidh agam fa choinne Ua Briain nuair a gheobhfas sé bás agus béidh tú annsin fhad’s tá Ifrionn na Ifrionn mura dtabhairfidh tú do an leitir”.
Comh luath géur is dúbhairt sé go ndeánfadh sé sin léithí thug sí an leitir do’n Sagart. Bhí lúthghair a sháith arsan an leitir a fhághail agus anois bhí sé réidh lé Ifrionn a fhágailt.
Rith an áma seo bhí Ua Briain ‘na sheásamh annsin ag éisteacht leis an tseánchus a bhí idir an cailín(continues on next page)- Collector
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac a' Bhaird
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Mín na bhFiann, Co. Donegal