School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 104
- XML “Scéal - Ó Brían”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sagairt caidé a rinne sé d’innis siad do go rabh sé cáillte muna bhfághfadh sé an leitir sin arais, na d’áithin siadsan ar aon gur as Ifrionn a thainig sí agus go mbéadh sí ag obair a choidhche go bhfághfadh sí eisean síos agus go n-éireochadh léithí nuair a bhí’n leitir aicí. Acht ní rabh aon dóigh aige an leitir a fhághail go dtéidheadh sé síos go h-Ifrionn fa na choinne. Bíodh fhíos agat nach lúthghair a bhí air nuair a chualaidh sé go rabh aige lé ghabhail sios go h-Ifrionn fa choinne a leitir.
Ní rabh fhios aige an bheálach, agus ni rabh fhios ag na Sagairt eile ach oiread. Caidé bhí ag an duine bocht lé deanamh. Sa deireadh d’innis fear a tíghe do go rabh feár na luighe shuas i n-uaighe mhóir os cionn an tíghe. Ba fear é a rinne an uile séort ólcais in a shaogail agus seo an áit -cómhnaidhe a bhí aige, agus mura mbéadh seisean i n-innibh an beálach go h-Ifrionn a thaisbeant do nach rabh fhios aige aon duine eile a thaisbeanfadh.
D’imtigh sé suas agus cinnte go leór bhí’n fear na h-uaimhe na luighe annsin na chodladh. Mhusgail an Sagart Óg é agus d’innis sé a sgéul dó agus d’fiafraigh dó an dtiocfadh leis an beálach go h-Ifrionn a thaisbeant do. Dúbhairt sé go dtaisbeanfadh, na go rabh fhios aige go maith toiseach a bheálaigh agus ní amhain sin acht go dtabhairfeadh sé an eóchair do a d’fosglochadh(continues on next page)- Collector
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac a' Bhaird
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Mín na bhFiann, Co. Donegal