Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhálainn Bheag
- XML Leathanach 92
- XML “An Mhuc Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an chead duine a chuaidh isteach ‘na toighe. Nuair a shiubhail sé suas an urlar chualaidh sé an éagchaoin seo - Óch! Óch. Goidé’n cineal mairgnigh sin? ar seisean. “Sin cearc atá fághail bháis arsa’n leas-mathar (bean an toighe). Ní thiocfadh leis greim bidh a ithe ‘sa teach ó cualaidh sé an éagcaoin. An dara fear - nuair a thainig seisean isteach chualaidh sé an mhairgneach ceadna Óch! Óch! “Goidé’n mhairgneach sin ar seisean a cluinim. Dubhairt bean an toighe an rud ceadna a dubhairt sí leis an chead bhuachaill. “Sin cearc a fághail bháis”. Shuidh seisean síos agus dheamhan greim bidh a thiocfadh leis leigean síos ‘sa teach seo. Nuair a leag an cailín a cos ar leic an dorais chuala sí an éagchaoin trúacanta “Óch! Óch Ó.
“Goidé sin a chluinim” ar sise. Sin cearc a fághal bháis arsa bean a toigh. Bhal! arsa’n cailín ní thig liomsa dadaidh ithe annseo, agus ní íosaid ar sí go bhfeicfidh mé goidé sin a chuala mé. Muid sinne mar a gceadna arsa na buachaillí agus d’éirigh siad agus thosaigh an chuartughadh. Thóg siad doras an siléir agus fuair siad a mathair féin ‘na luighe annsin. D’aithin sí na páistidhe ‘s aicí fhéin, agus h-innriughadh an scéal ó thus go deireadh dó’n athair. Nuair a chuala sé an fhírinne, thug sé órdú teine mhór a deánamh, agus dóigeadh an leas mhathair sa teine agus d’fan na páistidhe ag a n-athair agus a mathair fein agus fuair an leas-mhathair an rud a thuill sí.- Faisnéiseoir
- Máire (Seán) Ó Beirn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Donegal