School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 90

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 90

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 90
  3. XML “An Mhuc Allta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí go maith agus ní rabh go h-olc bliadhanta ‘a dhiaidh sin bhí bacach ag dul thart agus thainig se lá amhain go toigh an fhir seo. Bhí sé ag cainnt agus ag innse scéil fá na chuid siubhail agus na daoine a casadh air
    Bhí mé ar oilean arsa seisean agus is ar an oilean sin a chonnaic mé an dá bhuachaill agus cailín ba deise a chonnaic mé ariamh. Bhí dhá “necklace” óir ar an dá ghasúr agus “necklace” airgid ar an ghiorrsach.
    Nuair a fuair an bhean faill ar an bhacach d’iarr sí air dul ‘un oilean seo agus na trí “necklace” a fhághail duithe se agus go dtabharfad sí sparan óir dó.
    D’imthig an bacac leis agus níor stad sé go rabh sé ar an oilean. Chuaidh sé ‘na chaislean agus d’iarr lóistín. Mar nach minic a tcidhfeadh siad aon duine ag teacht ‘un oilean thug siad lóistin na h-oidhche dó.
    An oidhche sin chuaidh an bacach a luighe acht ma chuaidh fhéin níor chodhlaidh sé. D’fan sé ‘na dúiseacht gur shaoil sé go rabh an cailín agus an dá bhuachaill ‘na gcodhladh. Chuaidh sé go sochair go seomra na mbuachaill agus ghoid an dá necklace, agus nuair a bhí sé ag dul amach as an t-seomra rinne sé tarman agus mhusgail an cailín. As go brathac leis an bhacach agus an dá “necklace” leis. Chuaidh an cailín go seomra na ndearbhrathar agus nuair a d’fosgail sí an doras leig dá phréacan mhor dhubha scread aistú agus amach ar an fhuinneóig leó ar eitóig.
    Bá iad an dá dhearbhrathar a bhí ann i riocht dhá phréachan.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0707: The Three Golden Sons
    Language
    Irish
    Informant
    Máire (Seán) Ó Beirn
    Gender
    Female
    Age
    54
    Address
    Málainn Bhig, Co. Donegal