School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhálainn Bheag
- XML Page 89
- XML “An Mhuc Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Béidh an bunnóg seo libh agus nuair a tcidhfidh sibh an fáthach caithigidh an bhunnóg seo idir an shúil air agus tuitfidh sé marbh. Gabhaigidh sibse isteach ar an oilean annsin agus glacaigidh seilbh air. Is dearbhrathar damhsa an fathach, agus nuair a chaitheas sibhse an bhunnóg air, béidh fhios aige go bhfuil mise marbh, agus tuitfidh seisean marbh fosta. Cuireadh faoí geasa muid agus cuireadh ‘sa riocht seo muid go mbrisfidh na geasa.
Rinne na páistidhe gach rud mar a d’iarr an Muc Alt. Thug siad an bhunnóg leobhtha. Chuaidh siad síos go béal na tuinne. Bhí na maidí annsin mar a dúbhrais. Chuaidh siad amach ortha agus ní rabh sé i bhfad go bhfacaidh siad bád mór. Cuireadh ar bórd iad agus ní rabh siad i bhfad ag seóladh go dtainig siad fhad le oileán. Bhí fathach mór ‘na seasamh air. Chaith duinne aca an bhunnóg idir an dá shúil air agus thuit sé marbh. Chuaidh siad isteach ar an oilean agus bhí caislean deas annsin, agus gach rud ní ba deise na cheile. D’fan an triúr annsin agus ghlac siad seilbh ar gach rud.
Anois nuair a chonnaic an fear go rabh a bhean a fághail bháis chuir sé sgaifte de chuid searbh [fhoghantuidhe]? amach a chuartughadh go bfuaireas an Mhuc Alt. Marbhadh í agus fuair a bhean an croidhe agus fuair sí biseach. Shaoil sí anois go rabh go maith nuair a fuair sí an muc alt as a casan acht ní mar a shaoiltear a bídhtear.(continues on next page)- Informant
- Máire (Seán) Ó Beirn
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- Málainn Bhig, Co. Donegal