School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhálainn Bheag
- XML Page 87
- XML “An Mhuc Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní rabh sí ábalta éirigh as a leabaidh le tinneas croidhe. Thainig an fear abhaile agus nuair a d’innis an deirbhsiúr an scéal bréagach dó bhí dá oiread feirge air an t-am seo.
D’imthigh sé arias agus an tríomhadh bliadhain rugadh nighean dó mhnaoí. Thug an deirbhsiúr leithe an leanbh mar rinne sí leis an beirt pháistidhe eile agus thug dón mhuc ált í agus d’oil sí an giorsach fosta.
Nuair a thainig an fear abhaile an tríomhadh uair agus d’innis an deirbhsiúr dó gur pisín cait a rugadh dó bhí oiread feirge air an t-am seo gur dhubhairt sé go ndíbreachad sé a bhean o’n teach.
Chuir sé leabaidh shíos i silear faoí’n urlar agus d’fág í annsin. Bhí an créatúr bocht buadhrtha brónach annsin.
Phos sé a deirbhshiúr annsin. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Bhí buachaill bó aca, agus lá amhain nuair a bhí sé ag buachailleacht comhgarach dó’n fhairrge chonnaic sé an dá ghasúr agus giorsach ba deise a chonnaic sé ariamh, ag imirt ar an tráigh. Bhí dhá “necklace” óir ar an dá ghasúr agus necklace airgid ar an ghiorrsach. D’innis sé an scéal nuair a thainig sé abhaile. “Caithfidh mé ghabhail go bhfeicfidh mé iad arsa’n fear”. Cá mbéidhfa ghabhail arsa ‘bhean. Spriog rud éighin í gurab iad na páistidhe a bhí ann.
Lathar na bharach chonnaic an buachaill bó arias iad agus d’innis an scéal nuair a thainig sé abhaile.(continues on next page)- Informant
- Máire (Seán) Ó Beirn
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- Málainn Bhig, Co. Donegal