School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a chosa fhaghail glan leis, leim a bhean amach as an leabaidh agus fuair greim ar ceann de cosa nuair a bhí sé ag gabhail amach agus thainig ceann de na brogan leithí.
Bhí an chliobóg ag feitheamh air ag doras an stábla agus d’imthig an bheirt agus níor stad siad go rabh siad ag bruach na fairrge. Thainig siad trasna go dtí an mór thír, agus níor stad siad go dtainig siad go dtí teach an t-sean dhuine - an áit a bhfuair sé an chliobóg. D’fág an chliobóg slán ag mac an Riogh agus thug comhairle do gan fanacht i detach ar bith nó an cása a fhághail as a láimh go mbainfeadh sé an baile amach. Thug mac an Ríogh buidheachas dó’n sean duine annsin fá iasacht an diallaid agus na cliobóige a thabairt dó. Mhol an sean duine go mór mac an Ríogh fá mar d’éirigh leis, agus an obair mhaith a rinne sé, annsin thug sé a dinnear dó, agus indiadh a ndinnear a dheánamh d’imthigh sé leis agus an cása faoí ‘na asgall leis. Shiubhail sé go dtainig sé fhad le teach an dara shean duine. Thug sé buidheacas dó agus thug seisean a dinnear do mar rinne an chead fhear. Shiubhail sé annsin gur shroich sé an chead sean duine agus tharlaidh mar tharlaidh leis an bheirt eile.
Dhá lá inadhiadh sin bhí sé ag siubhal leis agus chuaidh sé ar seachran. Bhí sé ag siubhail leis mar sin oidhche amhain go bhfaca sé solus beag i bhfad ar shiubhal. Tharraing sé ar an t-solus, agus goidé bhí ann acht bothan beag. D’fosgail an doras agus d’iarr sean bhean(continues on next page)- Informant
- Cathal Ó Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal