School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis an chabhsa a bhí ag gabhail suas go toigh an t-seanduine. Sul ar fhág an madadh ruadh é d’iarr sé air fiafruigh do’n t-seandhuine nuair a rachadh sé ‘un toighe - an sean [chlibbóg]? a bhí sa stable i gcúl an toighe a thabhairt dó, agus iná chuideachta sin - an sean diallaid atá ag an doras cúil, agus gan ceann ar bith eile a ghlacadh uaidh acht iad seo. D’fág an madadh ruadh slán ag mac an Ríogh annsin agus dubhairt sé go mfheidir go bhfeicfheadh sé arias é agus bhfeidir nac bhfeicfeadh. Thug mac an Ríogh buidheacas do agus isteach ‘na toighe leis.
Bhí seanduine istoigh annsin a bhí naoí n-uaire níos sine nó’n fear deirmeach. Chuir sé fáilte roimhe agus thug a shuipear agus leabaidh dó. Indiadh an t-suipeair d’innis mac an Ríogh a ghnaithe dó. “Tá obair chruaidh rómhat” arsa’n seanduine mar gur le nighean Ríogh an Dómhain Thoir an t-éan a chaill an cleite sin, agus tá an Ríogh ‘na chomhnuidhe ar oilean, agus tá an t-éan ag nighean an Ríogh istoigh i gcása ‘san chaislean. D’iarr mac an Ríogh an sean chliobióg anois agus an diallaid. Bhí an sean duine ag gabhail a thabhairt cliobéig óg dó acht ní ghlacadh seisean aon cheann acht an sean chliobóg agus an diallaid.
Anns an deireadh fuair sé an ceann a bhí sé ag iarraidh - an sean chliobóg, agus d’iarr an sean dhuine air cead a cinn a thabairt de’n chliobóig agus bhéarfadh sí é go dtí caisleán Ríogh an Domhain Thoir.
Léim sé suas ‘sa diallaid agus ‘as go bráthach leis. Labhair an cliobóg leis agus d’iarr air greim maith a bhreith ar a muing an dóigh nach dtuitfeadh sé dí.(continues on next page)- Informant
- Cathal Ó Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal