School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Iarrfar ort fanacht an oidhche seo ‘sa teach, agus dean sin, agus béidh mise ag fanacht leat taobh amuigh ar maidin amárach. Nuair a chuaidh sé isteach ‘un toighe bhí céad mile fáilte ag an t-sean duine roimhe. Thug sé a shuipear agus leabaidh dó le luighe air. Nuair a bhí an suipear thart d’fiafruigh mac an Ríogh dó’n sean duine cá rabh an t-éan le fághail. “Níl fhios aghamsa” arsa seisean, acht “tá déarbhrathar agham ‘na chomhnuidhe fá thuairm siubhail láe ón áit seo, agus is dóiche go mbéidh seisean ábalta sin a’ innse dhuit”. Ar maidin lathar na bharach d’imthigh mac an Ríogh ag tarraingt ar theach an fir seo. Bhí an madadh ruadh ag fanacht leis taobh amuigh - an áit ar fhag sé é an tráthnóna roim’ sé. Shiubhail an bheirt an lá sin go rabh an dubh oidhche ann agus ‘sa deireadh thaisbhean an madadh ruadh teach beag dó - an teach ceadna a rabh déarbhrathar an tsean duine ann.
Chuaidh se isteach agus fuair sé sean duine ‘na shuidhe istoigh annsin a bhí trí h-uaire níos sine nó’n fear eile a d’fág sé. Chuir sé fáilte roimhe, agus thug a shuipear agus leabaidh dhó. D’fiafruigh mac an Ríogh dó a gcuideochadh sé leis an t-éan a fhághail, agus ‘sé an rud a dubhairt sé go rabh dearbhrathar aige a bhí na chomnuidhe fá thuairm siubhail lae ón ait, agus go rabh sé i bhfad níos sine no eisean agus go mfheidir go mbéadh seisean ábalta innse dó.
Ar maidin lathar na bharach, d’imthigh se ar lorg an dearbhrathara seo. Bhí an madadh ruadh ag feitheamh air s’an áit ar fhág sé é an tráthnóna roimhe. ‘As go brathach leis an beirt. Shiúbhail siad an lá sin fosta go dtainig siad fhad(continues on next page)- Informant
- Cathal Ó Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal