School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 72

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 72

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 72
  3. XML “Mac Rí an Domhain Thiar agus an tÉan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Shiúbhail an madadh ruadh anon fhad leis an tobar, sháith sé a ruball isteach ann agus chorruighe sé thart an t-uisge leis agus d’fág [geasa]? ‘san uisge ‘na dhiaidh.
    Nuair a bhí a lón ithe ag mac an Ríogh chuaidh sé fhad leis an tobar agus d’ól deoch as. Ó sin amach bhí sé faoí gheas agus níl iomradh air go deireadh an scéil.
    Indiaidh lá agus bliadhain d’imthig an darna mac go bhfeicfeadh sé i n-éireochadh leis an t-éan a fhághail. Fuair se lón mar an fear eile agus nuair a shroich sé an cnuc beag ceadhna ar ith a dhearbhrathar a lón air, thainig ocras air agus shuid sé síos le ‘na lón a ithe fosta. Ní rabh sé acht tamall annsin nuair a thainig an madadh ruadh agus labhair leis mar a gceadna “An dtabharfa cuid de de chuid loin damh” ar seisean leis an bhuachaill. “Tá sé gann go leór agham fhein arsa seisean, ní ‘é amhain é ran leat-sa”. Lé sin shiubhail an madadh ruadh go dtí ‘n tobar, thom a ruball ann agus mheasg thart an t-uisge mar rinne sé ‘roimhe. Chríochnuigh mac an Ríogh a lón agus tharlaidh dó mar tharlaidh leis an chead fhear.
    Nuair a chuaidh lá agus bliadhain thart gan scéala ar bith o’n dara mac dubhairt an mac ba óige go n-imheochadh séisean go bhfeicfeadh seisean goidé mar d’éireochadh leis. Nuair a chualaidh an t-athair go rabh an mac ba óige ag imteacht ní rabh sé ro ghonta é ghabhail, siocar nach dtainig an bheirt eile arias
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0329: Hiding from the Devil
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Informant
    Cathal Ó Cuinneagáin
    Gender
    Male
    Age
    53
    Address
    Málainn Mhóir, Co. Donegal