School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhálainn Bheag
- XML Page 63
- XML “An Táilliúr Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Ma ghnidheann arsa fear an toighe “Cá bhfuightear an t-airgead a dhíolfas thú” “Is cuma arsa seisean” “Tá Dia laidir, agus chorn sé suas an t-éadach agus d’fág i leath-taobh go maidin é. “Las sé a phíopa annsin agus siúbhal sé amach thart fan teach. Ar a theacht isteach dó d’fiafruigh sé dó fear a’ toighe cia ar leis na bológaí a bhí ag ingilt sa phairc shíos faoí’n sciobál. “Le mo mhathair agus mo dhearbhrathar iad” arsa fear an toighe. Bhal teann ort do chota a chladhaire arsa’n tailliúr go dtabhairfidh muid ceann aca linn go mairbhfidh muid é. “O Dia ‘s Muire” arsa fear an toighe nach bhfuil fhios agat nuair a chrothnochar ceann aca sin gur orainne a fhágthar an choir”. “Is cuma arsa’n tailliúr “Níor cailleadh ariamh leath a chuaidh i gcontabairt” ag éirigh agus ag breith ar “chuilldeach bhaca. “Siúbhail leat anois” ar seisean “leóga maise ní rachaidh” Is beag baoghail atá orm” arsa fear an toighe “Och a iarralach bocht arsa’n tailliúr fan annsin agus rachaidh mé fhéin. Síos leis fhad le geafta na pairce. D’fosgail sé é agus shiubhail sé isteach agus thiomain amach an bollóg ba mhó agus ba shonnruigheach a bhí ortha suas fhad leis an sciobal. Chuartuigh sé thart go bhfuair sé smachtan agus tharraing sé i gclar an éadain air é. Nuair a thuit an bollóg tharraing sé amach scian agus tharraing sé a chuid fola. D’feann sé annsin agus ghearr suas i gceathramhanna é agus shaill é i dtuban istoigh ‘sa sciobal. Chuaidh sé amach annsin agus chuir i bhfolach(continues on next page)
- Informant
- Cathal Ó Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal