School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na teineadh nuair a chuaidh sí isteach. Chuir an bheirt fáilte roimpí agus thug cathaoir dithe ag an teinidh. Ní rabh fhios aicí goidé doigh a n-iarrfadh sí léigheas an dúileadáin ar Sheaimín, acht nuair a bhí sí tamall na suidhe ghlac sí misneach agus d'iarr sí ar Sheaimín an dúileadan a bhaint ar shúil a h-athara. Shaoil Seaimín gur greann a bhí sí a dhéanamh acht nuair a d'innis sí a sgéal chreid sé í.
Fuair sé bamhail fíor uisge agus d'fhág ar chathaoir é. Chuaidh sé ar a ghlúnaibh agus thosaigh a phaidreachas nó ag rámais de chineal eighinnteacht. Bhí sé ag corradh an uisge rith an ama. Bhain sé deoch amháin as an bhamhal agus nigh a bhéal leis agus chaith isteach sa bhamhal arís é. Rinne sé seo trí h-uaire agus an triomhadh uair sgairt sé ar Anna Morra (Nighean Roibeaird) agus d'iarr uirthi amharc 's a bhamhal. Nuair a d'amharc sí isteach bhí an aibhleóg a bhí i súil a h-athara istoigh 'san uisge. "Tá biseach ar d'athair anois" arsa Seaimín. Chuaidh an cailín abhaile agus bhí biseach ar a h-athair o'n bhomaite a rinne Seaimín an léigheas.- Informant
- Anna Morra
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal