School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 301

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 301

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 301
  3. XML “Poll an Tuirne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear in-a chomhnuidhe i n-Lomaire Mhuirnáin (Teileann) darbh ainm dó Milí Eoghain. Dhiól sé gabhaltas talaimh le fear darbh ainm dó Tomás Sheárlais. Ach bhí laftán istoigh san aillt. Chros sé gan aon dath feír a bhaint ar an laftan nó bhí baramhail aige go rabh sé uasal. Smaoitigh Tomás nach rabh caill ar bith dó an caftaín a bhaint. Beiridh sé ar corrán lá amháin agus thúsaigh a bhaint. An chead sláin a bhain sé mho-thuigh sé tuírne ag sniómh isteigh i bpoll a bhí le n-a thaoibh. Chaith sé uaidh an sláin agus d'amharc sé thart. Ní rabh aon dath le feiceáil aige ach ag eísteacht le tormán an tuírne i gcomhnuidhe ag teache thart. Léim sé amach de'n laftán comh tuigh geur i-s thainig leis. Le sin rinneadh an racht gairidhe le na thaobh ba mhilltinighe a chualadhsé a riamh. Thógh sé muirghín mhór agus tá clann a mhic annsin go foíllacht níor leag aon fhear aca speal no corrán ar an caftán sin ó shoin. An lá sin go dtí 'n lá indiú sé an t-ainim a bheirtear ar an áit Poll an Tuírne.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Location
    Teileann, Co. Donegal
    Informant
    Seaghan Mac m Briartaigh
    Gender
    Male
    Age
    45
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal