School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 280
- XML “Síscéal”
- XML “Síscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aillt. Chonnaic sí an nead thios ar laftán a bhí san aillt. Bhí sí ag gabhail amach fhad leis agus le sin sgairt fear leíte ó'n dún. Dubhairt sé , "Ca bhfuil tú ag gabhail , pill abhaile". Phill an cailín abhaile. Rinne sí amach gurabé an fear ceadna, ó na ghlór a d'aithin sí é, a bhí sa teach oice roimhe sin a scairt leíte agus gur shabháil sé ón bhás í is dóiche.
- Bhí bean i Málainn bhig aon uair amháin agus oidhce amháin bhí sí féin agus a inghean in-a suidhe chois na teineadh. Le sin thainig fear beag isteach agus gruag ruadh air agus é gléasta mar shaighdiúir. Shuidh sé síos agus chuaidh sé 'an cainnte leis an mhnaoi. Nuair a bhí am luighe ann dubhairt an fear go rabh an tam aige-sean a bheith ag tarraingt ar a lóisdín. D'imthigh sé leis. Chuaidh an bhean amach in-a dhiaidh agus chonnaic sí é ag gabhail suas fhad le dún a bhí i gcúl an toighe. Lá thar an bhárach chualaidh an bhean nach rabh coimhthigheach ar bith san chomarsanacht. Rinne sí amach annsin gur sidheóg a bhí ann. Bhí seanbhean sa teach cheudna agus seachtmhain in-a dhiaidh seo fuair sí bás. Lá an tórraimh thainig an fear beag ruadh ceudna go dtí teach a'phobail agus é gléasta mar shaighdiúir(continues on next page)
- Informant
- Séamus Ó h-Eochaidh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Cheapach, Co. Donegal