School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 279

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 279
  3. XML “Síscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean i Málainn Bhig fad ó shoin agus lá amháin nuair a bhí sí ag bogadh cliabháin agus í ag amharc amach ar an fhuinneóig chonaic sí fear ag tarraingt ar an teach agus a dhá láimh thuas ar a éadan. Nuair a chonnac sise ag teacht í shil sí gur fear as a stuaim a bhí ann agus d'iarr sí ar a inghean an bulta a chur ar an doras. Ach d'iarr a inghean uirthe é a leigint isteach. Bhuail sé isteach agus shuidh síos. Tamall in-a dhiaidh sin d'iarr sé ar an inghean braon tae a dhéanadh dó. Rinne sí sin. D'ól sé an tae agus rith an ama a rabh sé istoigh choinnigh sé a lámh ar a éadan. Nuair a bhí sé réidh d'iarr sé uirthe braon uisce a thabhairt dó a nighfeadh a chosa. Thug sí scata uisce dó. Nuair a bhain sé de a chuid stoca bhí siad uilig pollta. Thug an cailín péire eile dó agus chuir se air iad. Nuair a bhí sé ag imtheacht annsin dubhairt sé go dtabhairfeadh sé diolaidheacht díthe lá éiginteacht. Chuaidh an cailín amach 'un dorais in-a sála ach fios nó fáisneis ní rabh le fághail aice air Ní rabh sé le feiceáil thios no thuas. Bhí lachain ag bruth amuigh ag an mhnaoi seo. Maidín lá thar na bhárach d'eírigh an cailín go h-an luath agus leig amach na lachain. Lean sí sios iad go bhfeicead sí ca h-áit a rabh a nead thios san
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Ó h-Eochaidh
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Cheapach, Co. Donegal