School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chlaidhe chuaidh giota den abhall i bhí greamuighthe ann a sgórnaigh síos agus d'éirigh sí cómh slán folláin agus bhí sí ariamh. Nuair a chonnaic Mac an Ríogh seo bhí lúthgháir mhór air.
Pósadh an bheirt. Bhí baineis acu a mhair naoi n-oidhche agus naoi lá, ba é an oidhche dheireannach an oidhche b'fhearr. Mhair siad go sona séanmhar ina dhiaidh sin. - Bhí buachaill ann fadó agus bhí sé an tugtha do bheith ag imirt chárdaí. Bhí sé ag teacht abhaile oidhche amháin i ndiaidh a bheith ag imirt chárdaí. Casadh bean ur labhair sise leis. Labhair sisean léithe. Thug sí amach paca cárdaí agus d'fiafruigh sí de a n-imreochaidh sé cluiche. Dubhairt sé go ndéanfadh sé. D'imir siad cluiche agus bhain sise é. "Caithfidh tú scribhinn a thabhairt damh-sa", arsa sise. Scríobh sé a ainm ar ghiota paipéir agus thug díthe é. Shlug sí an paipéar. D'imthig sí léithe annsin is chuaidh seisean 'na bhaile. Ar maidín lá thar na bharach d'innis sé dá bhunadh caidé thárla. D'fiafruigh an t-athair de caidé rinne sí leis an scribhinn. Dubhairt seisean gur shlug sí é. "Sin do sháith, arsa an t-athair, beirimse comhairle(continues on next page)
- Informant
- Brian Ó hEigceartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal