School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 256

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 256

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 256
  3. XML “Siúbhán Beag - Iníon an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Siúbhán Beaf - Inghean an Ríogh
    Bhí Rí ann fad ó choin agus ni rabh aige ach inghean amháín. Fuair an Bhainrioghan bás agus bhí an Rí an-bhuaidheartha i n-a ndiaidh. Dubhairt dé nac bhpósfadh sé go bráthach aríst. Nuair a bhí an Ríoghacht tamall gan Rí dubhairt na daoine go gcaithfeadh Bhainrioghain bheith an an Ríoghacht agus go gcaithfeadh an Rí pósadh arais. Dubhairt an Rí annsin nach ndearfad sé leis an mhnaoi úir a phósadh sé, go rabh sé pósta cheana acht go leigfead sé air féín gur cailín seirbhise a bhi ann a ingheann darbh ainm di Siubhán.
    Phós Rí annsin agus i gcionn bliadhna rugadh ingean óg. Lá amhain chuaigh an Bhainrioghain síos 'na trágha a d'amharc uaithe agus nuair a bhi sí thios shleamhnaigh sé ar an chladach agus arsa sise, "Dia is Muire liom, fhabair[?] gur thuit mé." "Ná bíodh Dia agus Muire leat," arsa glór. An dara lá chuaidh sí síos na chladaigh arair agus leig oirthí féin gur shleamhnaigh sí agus dubhairt, "Dia is Muire liom, fhobair gur thuit mé." Chualaidh sí an glor ceadna ag rádh, "Na bíódh Dia agus Muire leat." Thárla an rud ceadna an triomhadh lá agus nuair a chualaidh sí an glór d'amharc sí thart agus chonaic sí teach beag taobh istoigh duithe. Chuaidh sí isteach agus chonnaic sí seanbhean i n-a suuidhe sa chlúid. "Cá tuige a bhfuil tú ag cur mallachtaighe ormsa," arsa an Bhainrioghain leis an t-seanmhnaoi. "Tá, arsa an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0480: The Spinning‑Women by the Spring. The Kind and the Unkind Girls.
    Language
    Irish
    Informant
    Brian Ó hEigceartaigh
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal