School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 249

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 249

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 249
  3. XML “Parthalón Óg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Parthalón Óg.
    Bhi fear i n-a chomhnuidhe i Rinn na Cille aon uair amhain agus sé an t-ainm a bhí air Parthalon Mór. Bhi droch-shláinte aige agus bhíodh sé amuigh ag siubhal an uile oidhche. Bhi sé i n-a shuidhe amuigh oidhche dheas ghealaige amháin agus le sin mhothuigh sé an callán thíos i mBeal an Bharra. Shil sé gur daoine a bhí ann ar Thraigh na gCorr. D'imigh sé síos. Nuair a bhí sé thios mhothuigh sé an callán ceadna thuas ag an "Charraigín Dubh." Nuair a chuaigh sé thuas annsin mhothuigh se an callan thuas ag "Coirín na gCat." Nuair a bhain sé "Coirín na gCat" amach bhí an callán le cluinstin ag "Bun an t-Srutháin." Suas leis go Bun an t-Sruthain agus nuair a bhí sé annsin chualaidh sé an callán ag an "Lag." Shroich sé an Lag agus bhi an callán le cluinstin thuas ar an "Oithir." Bhí fhios aige anois nach daoine saoghalta a bhí ann a rabh an callán sin aca. Thionntaigh sé ar a chois agus thug a aghaidh ar a' bhaile. Le sin rinneaddh an racht gaire ar a chúl agus arsa glór, "A Phartláin, bhain muid mealladh agat."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Brian Ó h-Eigceartaigh
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal