School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 238

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 238

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 238
  3. XML “Scéal Eile fán Diabhal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    féír duithe, í a ghabhail amach agus sgairtigh isteach ar an fhear, an rasúr a thaisbeaiint dó a bhi sa leabaidh agus innse dó gurab é a bhean d'fhágbannsin é le n-a mharbhadh anocht.
    Rinne an chailleach seo uilig agus nuair a chonnaic an fear caide an rún a bhí ag n-a bhean a dhéanadh leis níor leig sé dadaidh fa dtaoibh de go dtí lár na h-oidhche nuair a d'eirigh sé agus chuir críoch le n-a mhnaoi. Nuair a bhí sin déanta aoge chonnaic sé gurabé cathughadh an Diabhail a ba chúis leis agus ni dhear sé aon dhath ach e féin a mharbhadh annsin.
    Bhí an chailleach ar siubhail anois agus nuair b'fhada leis na comharsanaibh an lánamhain seo gan éirigh thainig duine eiginteacht fhad leis an fhuinneoig. Chonaic sé go rabh an lanamhain marbh. Sgannraigh an t-aman amach as agus d'imigh sé ag beicfigh. Thainig an sagart annsin agus is cosamhail go dtearn se amach caide thainig ortha. Dubhairt sé go rabh an bheirt aca ag an Diabhal agus gur thruaighe an creátúr a ba chionntaighe leis. Thusaigh cumadh an-chruaidh a theacht ar an t-sean chailligh agus sa deireadh thionntaigh sí go dtí nach rabh innte ach madadh mór dubh agus bhí sin ag an Diabhal fosta.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Mac Niallghuis
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Baile Mór, Co. Donegal