School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 217

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 217

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 217
  3. XML “Síscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Siodh Sceal
    Bhí sagart ann tá fad ó shoin agus ní rabh aige sa teach ach é féin agus cléireach. Oidhche amháín bhí an chodladh ar an t-sagart agus chuaidh sé a luighe go luath, é féin agus a chléireach. I lár na h- oidhche mhothuigh an sagart tormán at an teach. Le sin thainig duine éiginteacht 'an dorais agus bhuail sé é. D'iarr an sagart ar an chléireach éirigh agus an duine a leigint isteach. Acht nuair d'éirigh an cleireach ni rabh duine ar bith ag an doras. Chuaidh sé a luighe arais agus chodlaigh sé. Ach mhuscail an torman arais é. "Ó," arsa an sagart, "tá scairt orm-sa i n-áit éiginteacht agus sin an fáth nach dtig liom codladh." D'éirigh an bheirtaca annsin agus rinne réidh. Nuair a bhi siad ag gabhail amach ar a' doras chonaic siad dhá sholus taobh amuigh. Lean siad na soillse thaire shléibhte agus thaire ghleanntaibh nó go dtí go dtainig siad go dtí áit bheag ghlas i lár Shliabh Liag. Stop na soillse annsin. Bhí fear beag i n-a luighe annsin agus é ag saothrughadh an bháis. Chuir an sagart an ola air agus lá thar na bhárach tugadh a chorp go Cribhínn agus rinneadh fhaire i dtoigh Uí Bheirn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Seaghan Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Baile Mór, Co. Donegal