School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 215

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 215

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 215
  3. XML “Píobaire Shliabh Shliag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Píobaire Shliabh Shliag
    Chuaidh fuireann as Teileann amach ad'iasgaireacht lá amháín. Bhi an lá ciúin agus d'imigh siad go Bun Glas. Nuiar a bhi siad i mBun Glas smaoitigh siad go rachadh siad go cúl Sliabh Liag. D'imigh siad leo. Nuair a bhí siad annsin chualaidh siad an ceol ba bhinne dár chualaidh siad ariamh. D'amharc siad thart fá dtaobh daobhtha agus caidé chonnaic siad ach píobaire i n-a sheasamh ar chloich agus é ag seinim ar pbiobaibh. Bhí an ceol co dheas sin is go dteachaidh duine den fhuirinn amach ar an chladach agus go dtearn sé damhsa. Nuair a thainig sé arais 'na bháid d'fiafruigh fear eile de caidé an port a bhí an píobaire gha chur suas. Dubhairt seisean gur "sin an ghaoth shéideadh an eorna." D'iomair siad 'na bhaile annsin agus níl ach go rabh siad sa bhaile nuair d'éirigh an t-an-stoirm. Dá mbhéadh an bád cupla bomaite eile ní ba mhoille bhaithfidhe an t-iomlán.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seaghan Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Baile Mór, Co. Donegal