School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 184

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 184

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 184
  3. XML “Scéal fá Bhean Sí”
  4. XML “Scéal Eile fá Bhean Sí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Beagán laethe in-a dhiaidh sin chuaidh bean a' toighe a sheoladh eallaigh 'na chnuic agus nuair a bhí sí ag gabhail thart le bun screige chualaidh sí an chainnt istoigh sa screig. Sheas sí ar a cois agus d'eist sí. Sí an chainnt a bhi ag gabhail istoigh sa scriog: "Sniomhaigidh, sníomhaigidh, cárdáiligidh, cardáiligidh ; is beag shilfeas tón[?] gan fóghnamh gur 'Curly Brow' atá orm-sa. Bhí go maith agus ni rabh go h-olc. An lá a gheall an bhean duithe go dtiocfadh sí, isteach leíthe ar an doras agus snáth léíthe.
    "Seo anois'" arsa sise, "innis domhsa cá n-ainm atá ormsa. Dubhaiart an bhean léithe gur "Curly Bow[?] " a bhí uirthí. Dfhág sí aice an snáth, d'imigh amach ar a' doras agus ní fhaca sí an darna n-amharc uirthe ní ba mhó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sceal eile fá Bhean Sídhe.
    Bhí lánamhain ann aon uair amháin agus bhí siad in-a suidhe go te. Trathnóna amháín nuair a bhí sé i n-a chlap-sholus thainig bean isteach agus d'fiafruigh sí de bhean a' toighe a' dtiocfadh léithe scála mine a thabhairt duíthe go cionn cupla lá. Dubhairt bean a' toighe go dtabharfadh agus fáilte. Thug sí duíthe an mhin agus shiubhail an bhean amach. Cupla lá i n-a dhiaidh sin i dtráthaibh an am cheadna thainig an bhean isteach arais agus an mhin léithe. "Sin graínín mhullaigh thír Ultáin agat anois," arsa an bhean. "Maise ," arsa bean a' toighe, " tá iongantas mór orm
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. banshees (~369)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Cheapach, Co. Donegal
    Informant
    Tomás Mac Seaghain
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    94