School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 180

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 180

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 180
  3. XML “Scéal fá Bhunadh na gCnoc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sceal fá Bhunadh na gCnoc.
    Nuair a túsaigheadh ar chaisleán Uí Domhnaill fada ó shoin i nDún na nGall, an cheud lá a chuaidh na saorthaí cloiche a dh'obair, an méid
    a rinne siad an lá sin bhí sé leagtha lá thar na bhárach go talamh. Thúsaigh siad an darna lá agus d'obair siad leobhtha. Ach nuair a thainig siad lá thar na bhárach arís bhí an mhéid sin leagtha fosta. Chuaidh siad i n-a chionn an triomhadh lá agus d'obair leobhtha. An trathnóna sin go mall thainig fear fhad leobhtha agus dubhairt gurab olc a bhí
    siad ag teacht 'un tosaigh le n-a gcuid oibre. Dubhairt fear de na h-oibridheannaí leis gur dhoiligh daobhtha a theacht 'un tosaigh agus an méid a bhí dhá ndeánadh sa lá dhá leagaint san oidhce.
    Dubhairt an fear seo leobhtha dá ndéanad siad a chomhairle-san nach leagfaidhe níos mó. Dubhairt
    siad go ndéanfadh agus fáilte.
    "Suidhigidh anocht," arsa an fear, "agus coimheadaigidh é agus nuair a
    tcidhfeas sibh triúr fear ag teacht leigigidh daobhtha go rabh siad ag taoibh na n-hibre.
    Abairigidh leobhtha na focla seo déarfas mise.
    "Coiscéim corrach ar chlochán, bunán buidhe ar leana, laoidh cumainn na beatha, sé mur
    mbeatha i n-aoinfheacht” go bhfeicidh sibh caidé éireochas díbh. Gheall na fir dó go ndéanfad.
    An oidhche sin shuidh na fir agus anonn go maith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Cheapach, Co. Donegal
    Informant
    Tomás Mac Seaghain
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    94