School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 173

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 173

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 173
  3. XML “Scéal fá Shiógaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sceal fá Shíogaidthe
    Bhí fear i n-a choinnuidhe i gCruachleann (Teileann) fad ó shoin darb'ainm dó Séimín MacFionnlaoich. Trathnóna amháín thainig sé isteach agus é tuirseach indhiaidh a bheith ag obair ó lá. Dubhairt a bhean leis nach dtainig a chliabóg? abhaile. Ní thearn sé ach breith ar a bhata agus amach leis. D'imigh sé a chuartufhadh? na cliobóige? is níor stad sé go rabh sé ag bruach Fhochar Chapaill. D'amharc sé síos ins an ált agus dar leis go bhfacasé í marbh thíos ar a'chladach. Bhí sé ag éirighe dorcha agus b'fhada leis a ghabhail síos fhad leíthe. Thionntaigh sé go dtugadh sé iarraidh ar a' bhaile. Bhí sé tursach? ocrach agus é buaidheartha fa n-a chliobóig bheith marbh. Shuidh sé ar bhruach bheag go ndéanadh sé a scíste? agus le linn é bheith tursach thuit sé i n-a chodladh. Ní rabh sé i bhfad i n-a chodladh nuair a chruinning sluagh? i n-a bheatha de shíogaidhe thart fá dtaoibh de. Bhuail siad a chainnt eatorra fhéin caiidé dhéanfad siad leis. Dubhairt an chead? fhear go bhfágfad siad bodhar, bolamhar? é; dubhairt an daarna fear go bhfágfad sé gan luth, gan spreacadh é; agus dubhairt an tríomhadh? fear nach ndéanfadh acht go bhfágfadh siad a chliobóg aige le tabhairt abhaile. Nuair a mhuscail sé bhí a chliabóg ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Cheapach, Co. Donegal
    Informant
    Tomás Mac Seaghain
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    94