School: Caiseal (roll number 13055)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
G.P. Pléimeann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 039

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 039

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal
  2. XML Page 039
  3. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
  4. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ins an Ghleann seo fad ó shoin agus bhí sé an-ghlic. Lá amháin bhí sé ag gabhail amach ‘na Cairrice agus casadh fear air agus bhi muc leis. Shiubhail siad leobhtha agus ba ghoirid gur casadh tuilleadh fir ortha agus muc le gach fear. Annsin shíl an fear go mbéadh muc aige fhéin. Fuair sé greim cruaidh ar an bhata in a láimh agus dubhairt. In ainm an deamhain’ sa dhiabhail béidh muc agam fhéin agus bhuail boc ar buachallan buaidhe a bhí ag fás. Lionntuigh an buachallán isteach in a mhuic. Chuaidh sé ‘un’ an aonaigh leis an mhuic agus fuair sé an ‘piginn [is aoirde]? as an aonach. Annsin nuair a bhí an fear a cheannuigh an mhuic ag gabhail ‘na’ bhaile bhí aige leis an abhain a siubhail. Nuair a bhí sé fhéin agus an mhuc i lár na h-abhna thionntuigh an mhuc isteach í mbuachallan buidhe agus d’imthig leis an tuile.
    Thionntuigh an fear chun an aonaigh aríst agus chonnaic sé an fear ar cheannuigh se an mhuc uaidh.
    Rith sé i na dhiaidh le na chuid airgead a fhaghail uaidh agus rith an fear isteach i siopa agus fuair se greim lámh ar nuair a bhí sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.