1. Bhí beirt fhear ag gabhail ó Connacht go Baile Atha Cliath uair amháin agus chonnaic siad muileann gaoithe nuair a bhí siad ag tarraingt ar a bhaile. Bhí lá ciúin ann agus ní rabh an mhuileann ag córúgadh agus síl siad gur cros ár Slánuightheoir a bhí ann. Shíl siad gur chóir daobhtha é a phogadh. Nuair a d’fheuch fear aca le na phógadh tháinig séidean beag, agus tháinig an mhuileann gaoithe thart agus gheárr sé a bhéal. “Ó a Thighearna”! ar seisean, “ní cros ár Slánuightheora atá ann ar chor ar bith acht crann tocharta an diabhail”. 2. Bhí gasúr ann aon uair amháin agus rinne sé aimsear le fear
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »