School: Mucros (roll number 5364)

Location:
Mucros, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ua hEigeartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 323

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 323

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mucros
  2. XML Page 323
  3. XML “An Tiarna Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Tighearna Talaimh.
    Bhí baicle tighearna talamh ina chomhnuidhe chuid de’n bhliadhan ar a Chlochar, áit taobh thuas de’n Charraic. Na Musgraves a tugtaoi ortha. Bhí tighearna talaimh eile ina chomhnuidhe ar a Doire Leathan dar b’ainm Murry Stewart.
    Tá sé tuairim as ar sgór bliadhan ó bhí siad annseo. Níor shíl na daoine morán de na tighearna talaimh. Cuireadh daoine as seilbh ins an cheanntar seo.
    An dream a cuireadh as seilbh thigeadh na h-Agents agus bheireadh siad seal goirid dobhtha leis an cíos a dhíol.
    Nuair a bhíodh an t-am sin reaithte tigeadh na baíllidhe agus leagadh siad an teach agus chuireadh siad na daoine amach as.
    Annsin tiomáineadh siad na ba ar shiubhal agus díoladh siad ar cheannt iad. Na daoine óga a cuireadh as seilbh d’imthigheadh siad go Meiriceá. Ach na seandhaoine fanadh siad i dteach comharsain.
    I n-aimsear Chromwell tháinig na Sasanaigh go dtí an tír seo agus ghlac siad seilbh ar thalamh na ngaedheal. Sul a rannadh an talamh i bhfeirmeacha,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Informant
    Liam Ua hÉigheartaigh
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Goirt Sháile, Co. Donegal