School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ainm an duine ó na b'fuaras an cunntas:- Máire Ní h-Asgáin
Tamhnaigh,
Cill Chartha
PIOCTÚIRTá meas speisialta ag mo mhuinntir sa bhaile ar pioctúir atá aca. Tá sé i dtaisge aca agus bheir siad an áire go bráthach dó. Is é Pioctúir an "Muirighin Naomhtha" atá ann agus tá sé aca i gcuimhne duine a fuair bás. Ní leigfeadh siad duine ar bith ina chóir ar eagla go mbriseadh siad é. Bíonn meas speisialta aca fosta ar uisge a bheireann siad abhaile laethe áirithe as toibreacha beannuighthe. Bheireann siad uisge abhaile as Tobar Cartha nuair a bhíonn siad ag siubhal an turais ar an 4adh lá de Mhárta an 'uile bliadhain.
Tá Tobar Cartha suidhthe ar taobh na láimhe clé ar an bealach atá ag gábhail ó Cill Cartha go Baile an Teampaill. Beireann siad canna nó buideál d'en uisge sin abhaile agus coinnigheann siad cuid d'en uisge fá fhoinne leigheasannaí nó daoine tinne agus ólann siad cuid de fosta. Bheir siad uisge abhaile as Tobar Phádruig ar Lá Fhéil Phádruig. Coinnigheann siad an h-uisge sin istigh agus bíonn án-mheas aca ortha ar fad. Nuair a tig siad abhaile leis na pailmeacha Domhnach na Slat crochann siad na pailmeacha i n-áit eighinteacht ins an teach. Coinnigheann siad iad i n-onóir d'on uair a bhí na daoine amuigh roimh Íosa agus pailmí in a gcuid láima aca agus ag rádh, "Hosanna do Mhac Dáibhidh".- Informant
- Máire Ní
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 46
- Address
- Cill Charthaigh, Co. Donegal