School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 314
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Toighthe ceann toighthe a bhíodh ag na daoine fad o shoin. Bhíodh leabhaidh sa chlúid aca agus codhluigheadh an t-sean lanamhain ann. Bhíodh an teine ins an balla treasna aca fad o shoin. Bocsaí a bhíodh ós cionn na simleór aca. Bhíodh ceithre doirse ar cuid aca agus trí doirse ar cuid eile. Bhionn ceann ar aghaidh an toighe agus ceann ar a chúl agus ceann ar an t-seomra mór agus ceann eile ar an t-seomra bheag. Cuid eile ní bhíodh aon seomra beag agus annsin ní bhiodh ach trí doras ar an teach. Bhíodh laistí ar na doirse le na ndruid agus le na n-osgailt. Bhíodh an t-urlár deánta de créafóig. Bhíodh na ballaí déanta de clocha agus créafóg. Bhíodh leath-doras ar an cuid is mó de na toighthe agus bhíodh an leath-doras taobh amuigh d’en doras mór. Bhiodh móin agus cipíní agus adhmaid mar adhbhar teineadh ag na daoine. Coinnle a bhíodh mar solus aca fad ó shoin agus bhíodh siad deánta de feaga. Ar dtús baineadh siad an croiceann glas de na feaga agus annsin cuireadh siad suas go dtriomochadh siad. Nuair a bhíodh siad tiormuighthe annsin cuir siad uais-c ionnta. Nuair a(continues on next page)
- Informant
- Tomás Ua
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Cill Charthaigh, Co. Donegal