School: Mucros (roll number 5364)

Location:
Mucros, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ua hEigeartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 258

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 258

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mucros
  2. XML Page 258
  3. XML “Lucht Siúil”
  4. XML “Scéal fá Shaidhmidh A' Dochartaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal fa Saidhmidh A’ Dochartaigh.
    Bá as Ciarraighe Saidhmidh A’ Dochartaigh. Goid sé rud éighinteacht nuair a bhí se óg agus cuireadh amach as Ciarraighe é. dFág sé agus tháinic sé shuas go Muin Séarlais i gConndae Dhun Na nGall. Bhí bóitheach beag dé tóighe aige agus théigheadh sé féin agus a cholcheathar, Micí A Docharthaigh amach a’ chruinnuighadh gach lá agus corr uair codhluigheadh siad lé taobh a’ bhealaigh mór. Bhíodh Saidhmidh cineál amaideach corr uair. Bhí sé ag fanacht i dteach i n-Dachtán am amháin agus lá aonaigh amháin chuaidh sé amach go dtí an aonach. D’ól se cupla gloine agus chuaidh se ar meisce. Chuaidh sé anonn fhad lé ceanntóir agus cheannuigh sé péire stocaí ar scilling. Cuaidh se síos fhad lé sean-bhean a bhí giota taobh thíos dé agus arsa seisean léithe. “Seo dhuit a bhean chóir tabhair an stoca seo abhaile leat agus ma thig lá fuar cuir an stoca seo ar do chos agus na bain díot é go dtéighidh mise suas fhad leat. Bhí an bhean seo bocht agus bhí athas uirthí stoca a fhághail. An lá na dhiaidh sin chuir an bhean an stoca uirthí agus i lár an lae cé téid sí ag teacht aníos a’ ród ach mó óganach agus rud éighinteacht ina lámh leis. Isteach leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig A Dubhgáin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    An Rualach, Co. Donegal