School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 232
- XML “Scéal fá Bhás Chnapastúin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bás Chnapastúin.
Ins an t-sean am bhí sidheog ina chomhnuidhe thíos i Mucros ar a dtugtaoi Cnapastún air.
Bhí a mhac i n-aoinfheacht leis. Bhí lios acu ar Malaidh na Bruighne, áit atá suidhte taobh thios – dheas de Tráigh Lobhar.
Ag an am sin fosta bhí sidheog eile ina chomhnuidhe ar bhruach na fairrge os cionn Tráigh Bháin ar a dtugtaoi Brún Rhuadh air. Bhí Cnapastún agus Brún Ruadh án mhór le na chéile. Aon lá amhain bhí Cnapastún agus a mhac agus Brún Ruadh amuigh i mbarc. Chuaidh siad síar faoi’n Ruadhlach, agus ag áit ar a dtugtaoi ‘Spine Bhuidhe’ air bhuail an bháid inaghaidh charraic agus briseadh é. Báitheadh mac Cnapastúin san áit sin agus mar deir an sean fhocal.
“Ar fheol mic Cnapastúin. Bíonn na seádain i gcomhnuidhe reamhar”.
Ag an am sin téigheadh sídheogaí Mhucrois go minic síar go Connachta le cath a chur ar sidheogaí Connachta. Théigheadh Brún Ruadh síar fosta ag cuiduighadh le Cnapastún. Ach sa deireadh d’éirigh sé tuirseach de. Am amhain bhí cath mór le bheith idir sidheogaí Connachta(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ua Bheirn
- Gender
- Male
- Age
- 88
- Address
- Cill Charthaigh, Co. Donegal