School: Mucros (roll number 5364)

Location:
Mucros, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ua hEigeartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 180

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 180

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mucros
  2. XML Page 180
  3. XML “Scéalta Greannmhara - Mar Bhain an Fear an Geall.”
  4. XML “Scéalta Greannmhara - Na Fir agus A gCuid Préataí Móra”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    isteach agus d'fhiafruigh sé duithe caidé bhí uirthí agus dubhairt sí leis "Tá m'fhear ag gabhail fhaghail bháis agus caidé dheánfas mé?"
    "Arú!" ars' an fear díomhaoin, “Ná bí amaideach”. Coingbhigh suas dó chroidhe, pósfaidh mise thú agus beídh an uile rud go bréagh."
    Thóg sí a lámha agus stad sí ag caoineadh ar a' bhomaite. "Is minic a smaoitigh mé fhéin ar sin" arsa sise ag gáiridhe. Le sin d'éirigh an fear as a leabaidh agus bhí sé slán arís bhain an fear díomhaoin an geall.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ná Fir agus a gcuid Préata Mór.
    Bhí triúr fear ag cainnt le chéile oidhche amháin. Bhí siad ag seanchasg fá phréataí agus chuir siad geall ciaca connaic an phréata a ba mhó.
    "Chonnaic mise préata sa’ bhaile agus rinne sé ceithre thuirtín déag ‘bocstaí’ ars an chéad fhear.
    "Chonnaic mise préata" ars’ an dara fear " agus nuair a bhí muid dhá chur amach as an iomaire tháinig sé coinín amach as."
    "Arú!" ars an tríomhadh fear, "ní préataí ar bith bhur gcuid préataí, chonnaic mise préata agus bhí tonna meadhchan ann."
    "Chaithfidh tú dó sgéal a chruthughadh" ars an bheirt eile leis.
    Bhí mé ar aimsear bliahdain amháin ar a' Lagán ars' an tríomhadh fear, "agus in am chuir síos a' phóir chuir siad mé fhéin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1920: Contest in Lying
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Mac
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    58
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cill Charthaigh, Co. Donegal